An Pháirc

Seal do bhí páirc, dob' álainn an pháirc

In aice mo dhorais go buan

Is an gach nua lá d'fhásadh nua bláth

An cur leis an ghlas-mhuir go suan

Suas suas san aer an fhuiseog go saor

Ag síor-chanadh sólás don lá

Ó mhaidin go teacht na hoíche faoi bhrat

Níor fhoglaim mé dadaidh ach grá

D'imigh gach bliain gan bhuaireamh sa pháirc

M'óige gealgháireach is suairc

Ar thóir na mbeach rua ag bailiú go luath

Gach ceann ag eitilt gan bhuairt

Éist leis an traein ag feadáil i gcéin

Deifrigh nó caillfimid í

Ó mhaidin go teacht na hoíche faoi bhrat

Spórt agus sásamh im' chroí

Féach ar an pháirc

Cá bhfuil na crainn is an bláth?

Agus féach ar an spéir

Cá bhfuil mo chantóir 's mo ghrá?

Seal do bhí páirc, dob' álainn an pháirc

In aice mo dhorais go buan

Is an gach nua lá d'fhásadh nua bláth

An cur leis an ghlas-mhuir go suan