A Mhuirnín Ó

Chorus

A mhuirnín ó an dtiocfaidh tú na bhaile

A mhuirnín ó an dtiocfaidh tú liom

A mhuirnín ó an dtiocfaidh tú na bhaile

A mhuirnín ó

Bhí sé thíos i lár a' mhargaidh

Dól sé 's cheol sé ar rith an lae

Nuair a tháinig an oíche gan pingin ina bhríste

Is mairg nár ghlac mé comhairle na mná

Casadh orm é le heiri na gréine

An ógánach gleoite go folláin 's go beo

Nuair a thóg sé a hata agus labhair sé le gáire

Thit mé i ngra leis, chreid mé go deo

Bhí cnaipí airgid ar mo chóta

Is ribní síoda a bhfearr sa tír

Slabhraí óir is clocha luachmhar

Mheall mé le saibhreas é go fíor

Ní rabhas ag a nduine cé'n pháirt dén tír é

Labhair sé go uasal soinneanta só

Bhí 'n tiombá thart go raibh tiarna ina theaghlach

Ní raibh sé i bhfad bhí mé geallta do

Tá'n ceangal fada 's deacar a scaoileadh

Bhfearr i bhfad a bheith cinnte do

Níor ghlac sé i bhfad gur bhris sé mo chroí sa

A leoga ní seo mo scéilín ó

A 'gur shiúl sé síos i lár a mhargaidh

'S cheannaigh sé carda ar phunt nó dhó

Bhí an tádh ina rith leis, bhain sé an "lotto"

Anois bhéidh an chuideachta againn go deo